Eabhraigh 3:5-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí;

6. bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).

7. Dá bhrí sin, mar a deir an Spiorad Naomh: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu,

8. ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála san fhásach

9. mar ar chuir bhur n‑aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain.

Eabhraigh 3