Eabhraigh 12:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d'ainneoin gur iarr sé le deora í.

18. Ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling,

19. blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo

20. mar nach bhféadfaidís cur suas leis an ordú a tugadh dóibh: “Má bhaineann ainmhí féin leis an sliabh clochfar é.”

21. Bhí an radharc chomh scanrúil sin go ndúirt Maois: “Táim ar aon bharr amháin creatha le neart eagla.”

22. Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,

23. agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,

24. agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

25. Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.

26. An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: “Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní amháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.”

Eabhraigh 12