Eabhraigh 12:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.

2. Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.

3. Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.

4. Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós.

5. Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.

6. Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.”

Eabhraigh 12