Eabhraigh 10:18-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.

19. Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son.

20. Is amhlaidh a d'oscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin.

21. Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois.

22. Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.

23. Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh.

24. Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.

25. Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn.

26. Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn.

27. Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde.

28. Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir.

29. Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?

30. Tá a fhios againn cé hé a dúirt: “Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,” agus fós: “Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.”

31. Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo.

32. Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh.

33. Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu.

34. Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.

35. Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó.

36. Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh.

Eabhraigh 10