1. Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.
2. Dá mb'fhéidir leis, nach n‑éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t‑aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu.
3. Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.
4. Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.
5. Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;ach d'ullmhaigh tú corp dom.
6. Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí.
7. Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhiachun do thoil a dhéanamh,’faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”
8. Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n‑ofráltar iad de réir an dlí.
9. Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d'fhonn an dara ceann a bhunú.