Deotranaimí 9:13-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: ‘Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad!

14. Lig dom iad a mhilleadh, agus a n‑ainm a scrios ó faoi neamh, agus náisiún is treise agus is mó ná iad a dhéanamh díot.’

15. Chas mé agus síos liom ón sliabh arís agus bhí an sliabh faoi bharr lasrach agus bhí dhá chlár an chonartha i mo lámha.

16. D'fhéach mé uaim, agus b'shiúd sibhse agus peaca déanta agaibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia; bhí lao de mhiotal leáite déanta agaibh daoibh féin; níorbh fhada an mhoill oraibh claonadh ón tslí a d'aithin an Tiarna daoibh.

17. Rug mé greim dá bhrí sin ar an dá chlár agus chaith mé síos le mo dhá láimh iad agus bhris os bhur gcomhair iad.

18. Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge.

19. Ba eagal liom an cuthach agus an fraoch feirge a spreag an Tiarna chomh mór sin i bhur n‑aghaidh, go raibh fonn air sibh a scrios. Ach d'éist an Tiarna liom an uair sin leis.

20. Bhí an Tiarna i bhfeirg le hÁrón chomh maith, agus réidh le hé a scrios, agus ghuigh mé ar son Árón chomh maith.

21. Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.

22. “Chuir sibh fearg chomh maith ar an Tiarna ag Tabaerá agus ag Masá agus ag Ciobrot Hatavá.

23. Agus nuair ab áil leis an Tiarna go bhfágfadh sibh Cáidéis Bairnéa, á rá: ‘Suas libh agus gabhaigí seilbh ar an tír a thug mé daoibh,’ ansin rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia; níor chreid sibh ann ná níor éist sibh lena ghlór.

24. Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh.

25. “Thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla os comhair an Tiarna agus d'fhan mé mar sin ar feadh an daichead lá agus an daichead oíche sin mar dúirt an Tiarna go scriosfadh sé sibh.

26. Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: ‘A Thiarna Dia,’ arsa mé, ‘ná scrios do phobal, d'oidhreacht a d'fhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir.

27. Cuimhnigh ar do shearbhóntaí, ar Abrahám, ar Íosác, agus ar Iacób; ná tabhair aon aird ar cheanndáine an phobail seo, ar a gcoirpeacht ná ar a bpeaca,

28. i dtreo nach mbeadh sé á rá sa tír ónar thug tú sinn: “Toisc nárbh fhéidir don Tiarna iad a thabhairt isteach sa tír a gheall sé dóibh, agus toisc go raibh an ghráin aige orthu a thug sé amach iad, le hiad a chur chun báis san fhásach.”

Deotranaimí 9