11. “Bí ar d'aire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu.
12. Nuair a bheidh bia ite agat agus go mbeidh tú lán, agus nuair a thógfaidh tú tithe móra agus conaí iontu,
13. nuair a thiocfaidh breis ar do tháinte agus ar do thréada, agus breis ar do airgead agus ar d'ór agus breis ar do mhaoin go léir,
14. ná tagadh uaill i do chroí. Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse;
15. a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo;
16. a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d'aithreacha, d'fhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.
17. Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’
18. Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.
19. Má dhéanann tú dearmad ar an Tiarna do Dhia, má leanann tú déithe eile agus seirbhís a dhéanamh dóibh agus iad a adhradh, tóg uaimse anois é, bí deimhin de go scriosfar sibh.
20. Scriosfar sibh dála na gciníocha atá le díothú romhaibh ag an Tiarna, toisc gan éisteacht le glór an Tiarna bhur nDia.