Deotranaimí 8:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Na haitheanta go léir a ordaím duit inniu, ní foláir duit iad a choimeád agus a chomhlíonadh, d'fhonn go mbeadh an bheatha agaibh agus go rachadh sibh i líonmhaire agus dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha.

2. Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.

3. D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.

4. Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin.

5. Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.

6. Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó.

7. Óir tá an Tiarna do Dhia do do thabhairt isteach i dtír fhónta, tír sruthán agus toibreacha, agus foinsí ag brúchtaíl aníos i ngleannta agus ar shléibhte,

8. tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala,

Deotranaimí 8