10. ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.
11. Coimeád, dá bhrí sin, go beacht, na haitheanta agus na reachta agus na dlíthe a ordaímse duit inniu.
12. “Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.
13. Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún - d'arbhar, do fhíon, agus d'ola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit.
14. Beidh beannacht ort thar an uile phobal; ní bheidh fireann ná baineann aimrid i measc do mhuintire ná i measc do stoic.
15. Coimeádfaidh an Tiarna gach galar i bhfad uait; ní chiapfaidh sé thú le haon cheann de phlánna urchóideacha na hÉigipte as eol duit, ach leagfaidh sé iad ar an dream ar fuath leo thú.