Deotranaimí 6:4-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. “Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna.

5. Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.

6. Na briathra seo a ordaím duit inniu, bídís greanta ar do chroí.

7. Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.

Deotranaimí 6