Deotranaimí 6:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; d'fhéadfadh a fhearg lasadh i d'aghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne.

16. Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.

17. Coimeád le barr cúraim aitheanta an Tiarna bhur nDia, agus na reachtanna agus na dlíthe a d'ordaigh sé duit.

18. Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do d'aithreacha,

19. agus do naimhde go léir á dtiomáint amach aige romhat; sin mar a gheall an Tiarna.

20. “Nuair a chuirfidh do mhac ceist ort san am atá le teacht: ‘Cad is ciall leis na haitheanta agus na dlíthe agus na reachtanna a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh?’

21. abair le do mhac: ‘Ba dhaoir le Forann sinn tráth san Éigipt, agus thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn le láimh láidir;

22. agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl.

23. Thug sé as siúd amach sinn d'fhonn sinn a thabhairt isteach agus an tír a thabhairt dúinn, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dár n‑aithreacha.

24. D'aithin an Tiarna dúinn na dlíthe seo go léir a chomhlíonadh agus eagla an Tiarna ár nDia a bheith orainn, ar mhaithe linn féin i gcónaí, sa chaoi go gcoimeádfadh sé beo sinn mar a rinne go dtí an lá inniu féin.

25. Sé is fíréantacht dúinn: na haitheanta seo uile a chomhlíonadh os comhair an Tiarna ár nDia faoi mar a d'aithin sé dúinn.’

Deotranaimí 6