Deotranaimí 6:14-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh.

15. Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; d'fhéadfadh a fhearg lasadh i d'aghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne.

16. Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.

17. Coimeád le barr cúraim aitheanta an Tiarna bhur nDia, agus na reachtanna agus na dlíthe a d'ordaigh sé duit.

Deotranaimí 6