Deotranaimí 6:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d'aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe.

2. Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic.

3. Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

4. “Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna.

5. Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.

6. Na briathra seo a ordaím duit inniu, bídís greanta ar do chroí.

7. Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.

8. Ceangail iad mar chomhartha ar do láimh, agus mar lann ar d'éadan.

9. Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí.

10. “Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg,

11. agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh - nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat,

12. seachain agus ná déan dearmad ar an Tiarna a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.

13. Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm.

14. Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh.

15. Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; d'fhéadfadh a fhearg lasadh i d'aghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne.

16. Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.

Deotranaimí 6