21. Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’
22. “Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.
23. “Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí,
24. agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo.
25. Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.
26. Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?
27. Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’
28. Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: ‘Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu.
29. Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!
30. Imigh leat agus abair leo: Filligí ar bhur mbothanna.