Deotranaimí 4:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Tháinig sibh i ngar agus sheas ag bun an tsléibhe; las an sliabh le tine go crioslach nimhe, agus é faoi bhrat dorchadais, néil agus scamaill.

12. Ansin labhair an Tiarna libh ó lár na tine; fuaim na bhfocal do chuala sibh, ach cló ní fhaca sibh; ní raibh ann ach guth.

13. Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d'ordaigh daoibh é choimeád - na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche.

14. D'ordaigh an Tiarna dom an uair sin dlíthe agus reachtanna a theagasc daoibh, a leanfadh sibh sa tír a bhfuil sibh le dul anonn á shealbhú.

15. “Bígí aireach i mbeart dá bhrí sin. Ós rud é nach bhfaca sibh aon chló an lá a labhair an Tiarna libh i Horaeb ó lár na tine,

16. féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é,

17. nó i gcosúlacht aon ainmhí ar talamh, nó aon éin a eitlíonn san aer,

18. nó i gcosúlacht aon dúile a shníonn ar talamh, nó aon éisc sna huiscí atá faoi thalamh.

19. Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;

20. ach maidir libhse, rug an Tiarna leis amach ón bhfoirnéis iarainn sibh, as an Éigipt, le bheith ina phobal aige féin, féin, rud atá sibh fós inniu.

21. “Bhí an Tiarna i bhfearg liom de bhur gcionnsa, agus mhionnaigh nach rachainn thar an Iordáin anonn, ná nach rachainn isteach san fhearann fónta atá á thabhairt mar oidhreacht daoibh ag an Tiarna bhur nDia.

Deotranaimí 4