Deotranaimí 34:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.

8. Chaoin clann Iosrael Maois ar feadh tríocha lá ar bhánta Mhóáb; ansin bhí deireadh le caoineadh agus le holagón do Mhaois.

9. Líonadh Iósua mac Nún le spiorad na heagna mar leag Maois a lámha air. Ghéill clann Iosrael dó agus rinneadar de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Mhaois.

10. Níor éirigh in Iosrael ó shin fáidh mar Mhaois, an té a ba aithin don Tiarna gnúis le gnúis.

11. Cad é comharthaí agus iontais a chuir an Tiarna faoi deara dó a déanamh i dtír na hÉigipte in aghaidh Fhorainn agus a shearbhóntaí agus a thíre go léir!

12. Nár láidir í an lámh, agus nár mhór agus nárbh uafasach iad na héachta a nocht Maois os comhair Iosrael go léir!

Deotranaimí 34