42. Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada,agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraosfuil na gcrólíoch agus na gcimí,agus cloigne cheannairí an namhad.”
43. [A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis!Tugadh clann Dé urraim dó!]A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal;tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht!Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt,agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde.Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha,agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
44. Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d'aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.
45. Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile,
46. dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d'aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.
47. Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”
48. Labhair an Tiarna le Maois an lá sin féin agus dúirt sé leis:
49. “Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.
50. Faigh bás ar an gcnoc ar a rachaidh tú agus cruinnítear chun do mhuintire thú, faoi mar a fuair Árón do dheartháir bás ar Shliabh Hor agus a cruinníodh chun a mhuintire é.
51. Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael.
52. Ní fheicfidh tú an tír ach i gcéin uait; ní féidir duit dul ann, isteach sa tír sé sin atá á thabhairt agam do chlann Iosrael.”