Deotranaimí 32:37-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Fiafróidh sé ansin: “Cá bhfuil a ndéithe? -an charraig inar chuireadar muinín,

38. an té a d'ith saill a n‑íobairtí,agus a d'ól fíon a n‑íobairtí dí?Éiridís-sean agus déanaidís tarrtháil ort!Bídís-sean mar dhíon ort!

39. Féach anois, gur mise É, mise féinagus níl aon dia eile ann ach mé.Is mé údar an bháis agus údar na beathaNuair a bhuailim, is mé a leigheasann(agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).

40. Sea, ardaím mo lámh chun neimhe,agus mionnaím dar mo bheo go deo:

41. Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach,agus go dtéim i mbun cúis na córa,déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde,agus díolfaidh mé an comhar le lucht m'fhuatha.

42. Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada,agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraosfuil na gcrólíoch agus na gcimí,agus cloigne cheannairí an namhad.”

43. [A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis!Tugadh clann Dé urraim dó!]A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal;tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht!Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt,agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde.Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha,agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.

44. Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d'aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.

45. Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile,

46. dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d'aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.

47. Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”

48. Labhair an Tiarna le Maois an lá sin féin agus dúirt sé leis:

49. “Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.

50. Faigh bás ar an gcnoc ar a rachaidh tú agus cruinnítear chun do mhuintire thú, faoi mar a fuair Árón do dheartháir bás ar Shliabh Hor agus a cruinníodh chun a mhuintire é.

Deotranaimí 32