Deotranaimí 32:30-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíleagus beirt ar dheich míle,murar dhíol a gCarraig iadagus gur thug an Tiarna ar láimh iad?

31. Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne;ní himpígh ár naimhde.

32. Óir is d'fhiniúin Shodom dá bhfiniúinagus ó dhoirí Ghomorá.Caora nimhe a gcaora,crobhaingí searbha a gcrobhaingí.

33. Nimh nathracha a bhfíon,agus goimh dhanartha asp.

34. Ach eisean, nach seoid luachmhar chánach agam éarna cumhdach i mo chiste?

35. Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh,i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos.Óir tá lá a scriosta in achmaireachtagus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.

36. (Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail,agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.)Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht,agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.

37. Fiafróidh sé ansin: “Cá bhfuil a ndéithe? -an charraig inar chuireadar muinín,

38. an té a d'ith saill a n‑íobairtí,agus a d'ól fíon a n‑íobairtí dí?Éiridís-sean agus déanaidís tarrtháil ort!Bídís-sean mar dhíon ort!

39. Féach anois, gur mise É, mise féinagus níl aon dia eile ann ach mé.Is mé údar an bháis agus údar na beathaNuair a bhuailim, is mé a leigheasann(agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).

40. Sea, ardaím mo lámh chun neimhe,agus mionnaím dar mo bheo go deo:

Deotranaimí 32