Deotranaimí 32:11-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Mar iolar ag faire a neide,ar foluain os cionn a ghearrcach,leathann sé a sciatháin le breith airagus cuireann a eiteoga leis mar theannta.

12. An Tiarna amháin a threoraí,níl aon dia deoranta fairis.

13. Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu,agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte;tugann sé mil ón gcarraig le deol dó,agus ola ón gcarraig scáil;

14. gruth ón mbólacht, bainne ón tréad,bia saibhir ón bhféarach,reithí do phór Bháiseán, agus gabhair,bia saibhir de dhias na cruithneachta,agus fuil na finiúna glan mar dheoch.

15. [Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;]Thit Isiriún chun feola agus thug speach.(Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.)Thréig sé an Dia a rinne é,mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.

16. Ghriogadar é chun éada le déithe deoranta;chuireadar fearg air le nithe granna.

17. Rinneadar íobairt do dheamhain nach Dia,do dhéithe nárbh aithnid dóibh riamh,núíosaigh an lae inné,nárbh eagal lena n‑aithreacha riamh.

18. (Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú,agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)

19. Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirgechaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.

20. “Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé,agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu.Óir is ál fealltach iad,clann gan dílseacht iontu.”

21. Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia;ghriogadar mé lena n‑íola.Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal,Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.

22. Las tine as mo fhearg,agus dófaidh sí go híochtar Sheól;alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir,loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.

23. Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu,agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir.

24. Beidh sciobóil ghorta mar airm agam;galar agus eitinn mar nimh.Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe alltaagus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.

Deotranaimí 32