Deotranaimí 31:6-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”

7. Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é.

8. Sé an Tiarna é féin a threoróidh thú; beidh sé i do theannta; ní theipfidh sé ort ná ní fheallfaidh ort; ná bíodh eagla ná beaguchtach ort.”

9. Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.

10. Thug Maois an aithne seo dóibh: “Ag deireadh gach seacht mbliana, ag an am ceaptha don fhuascailt, ag féile na dTaibearnacal,

11. nuair a thagann Iosrael go léir i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé, léigh an dlí seo go léir i gcomhchlos Iosrael uile.

12. Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, d'fhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo.

13. A gclann nach eol dóibh fós é, cluinfidh siad é agus foghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia i gcaitheamh bhur ré sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin lena shealbhú.”

14. Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, tá an t‑am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.” Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála.

15. Agus thaispeáin an Tiarna é féin sa taibearnacal i gcolún néil, agus sheas an colún néil ag doras na Botha.

16. Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.

17. Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’

18. Ceilfidh mé mo ghnúis orthu, ceilfidh mé sin, an lá úd toisc na hurchóide go léir a rinneadar ag iompú chun déithe eile.

19. “Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael.

20. Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.

21. Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.”

22. An lá ceannann céanna sin scríobh Maois an laoi seo agus mhúin í do chlann Iosrael.

Deotranaimí 31