Deotranaimí 31:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Lean Maois air ag rá na bhfocal seo le hIosrael go léir:

2. “Táim céad agus a fiche bliain d'aois inniu,” ar sé; “ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: ‘Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.’

3. Rachaidh an Tiarna féin, do Dhia, anonn romhat; scriosfaidh sé na náisiúin seo romhat; díbreoidh tú as seilbh iad; rachaidh Iósua chomh maith anonn ar cheann do shlua mar a dúirt an Tiarna.

4. Tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna orthu a thug sé ar Shíochon agus ar Óg, ríthe na nAmórach, agus ar a gcríocha nuair a scrios sé iad.

5. Tabharfaidh an Tiarna ar láimh daoibhse iad agus déanfaidh sibh leo go beacht de réir gach aithne dár ordaigh mé daoibh.

6. Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”

7. Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é.

8. Sé an Tiarna é féin a threoróidh thú; beidh sé i do theannta; ní theipfidh sé ort ná ní fheallfaidh ort; ná bíodh eagla ná beaguchtach ort.”

9. Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.

Deotranaimí 31