Deotranaimí 3:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ach thugamar stoc agus spré na gcathracha sin linn mar chreach.

8. Ghabhamar an uair úd, dá réir sin, fearann an dá rí Amórach lastall den Iordáin, ó Ghleann an Arnón go Sliabh Haermón

9. (tugann na Síodónaigh Sirion, ach na hAmóraigh Siníor, ar Hearmón);

10. cathracha uile an ardáin, Gileád go léir, agus Báiseán go léir chomh fada le Salacá agus Eidreí, príomhchathracha Óg i mBáiseán.

11. (Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d'fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? - í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)

12. “Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.

13. Do leaththreibh Mhanaise thug mé an chuid eile de Ghileád, Báiseán go léir, ríocht Óg. (Tugtar tír na Rafáím ar dhúiche Argob go léir, agus ar Bháiseán go léir.

14. Ó ghabh Iáir mac Mhanaise dúiche Argob go léir ar aghaidh go teorainneacha na nGisiúrach, agus na Macátach, thug sé a ainm do na bailte sin ar a dtugfar go fóill Bailte Iáir.)

15. Do Mhácaír thug mé Gileád.

16. Do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh thug mé an dúiche a shíneann ó Ghileád go dtí Gleann Arnón, agus lár an choma mar theorainn, agus chomh fada suas le habhainn an Iaboc, an teorainn le clann Amón.

17. An tArabá agus an Iordáin na teorainneacha síos ó Chineirit síos go Muir Arabá, Muir an tSalainn, faoi bhun sleasa Phisceá lastoir.

18. “Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.

Deotranaimí 3