1. “Ansin chasamar i dtreo Bháiseán agus ghabhamar suas ann. Agus tháinig Óg rí Bháiseán amach inár n‑aghaidh, é féin agus a mhuintir go léir, chun cath a chur in Eidreí.
2. Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.’
3. Thug an Tiarna, más ea, Óg rí Bháiseán agus a mhuintir uile ar láimh dúinn chomh maith agus phleancamar é go dtí nár fágadh fear inste scéil.
4. Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin - níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar - trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán.
5. Caisil dhaingne iadsan uile le ballaí arda, geataí, agus cuaillí - gan trácht ar bhailte na bPirizeach a bhí an-líonmhar.