Deotranaimí 28:41-58 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas.

42. Do chrainn go léir agus toradh d'ithreach, beidh siad ag an lócaiste.

43. An deoraí in bhur measc rachaidh sé céim ar chéim os do chionn, agus tusa céim ar chéim níos ísle.

44. Beidh tú faoina smacht, ní bheidh seisean faoi do smachtsa. Eisean a bheidh ina cheann, agus tusa i d'eireaball.

45. Tiocfaidh na mallachtaí sin go léir anuas ort, leanfaidh siad thú, agus béarfaidh siad ort go dtí go scriosfar thú mar nár ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus na haitheanta agus na reachtanna a d'ordaigh sé duit a chomhlíonadh.

46. Beidh siadsan ina gcomhartha, agus ina n‑iontas, ag tagairt duit féin agus do do shliocht go brách.

47. “Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n‑iolmhaitheasaí,

48. ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.

49. Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;

50. náisiún is gruama dreach, gan urraim aige don sean ná taise don óg.

51. Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.

52. Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.

53. Le linn an léigir, agus san anró a chuirfidh do naimhde ort, íosfaidh tú toradh do cholainne féin, feoil na mac agus na n‑iníonacha a bhronn an Tiarna do Dhia ort.

54. An té is cneasta agus is cineálta in bhur measc, beidh súil mhuice aige ar a bhráthair, agus fiú ar a chéile cumainn, agus ar fhuíoll a chlainne;

55. diúltóidh sé aon chuid d'fheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige.

56. An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;

57. ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is d'fhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir.

58. “Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,

Deotranaimí 28