Deotranaimí 28:28-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne;

29. agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.

30. Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí.

31. Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d'asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.

32. Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.

33. Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.

34. Cuirfear le buile thú de bharr a bhfeicfidh do shúile cinn.

35. Buailfidh an Tiarna thú ar na glúine agus ar na cosa le neascóidí nach mbeidh leigheas le fáil agat orthu, ó bhonn do choise go baithis do chinn.

36. “Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche.

37. Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.

38. Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é.

39. Déanfaidh tú fíonghoirt a phlandáil agus a shaothrú, ach ní ólfaidh tú an fíon ná ní chruinneoidh tú na caora mar go n‑íosfaidh an chruimh iad.

Deotranaimí 28