Deotranaimí 27:13-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí.

14. Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:

15. ‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Deotranaimí 27