6. Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn.
7. Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n‑aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n‑ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn;
8. agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais.
9. Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.