1. “Má bhíonn aighneas idir daoine agus go dtéann siad chun cúirte agus go dtugann na breithiúna breith eatarthu agus a fhógairt an ceart a bheith ag an té a bhíonn sa cheart, agus an éagóir a bheith ag an té a bhíonn san éagóir,
2. má thuilleann an té a bhíonn san éagóir gabháil de lasc air, tugadh an breitheamh faoi deara é a chur ina luí agus gabháil de lasc air ina láthair leis an líon buillí a oireann dá choir.
3. Is ceadmhach daichead buille a bhualadh air, ach gan dul thairis sin, le heagla go mbeadh an léasadh ródhian agus go mbeadh drochmheas agat ar do bhráthair dá bharr.
4. “Na cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.
5. “Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith.