3. Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)
4. ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.
5. “Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.
6. Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b'ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.
7. Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó bhur measc.
8. I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.
9. Cuimhnigh ar a ndearna an Tiarna le Miriám agus sibh ar an mbealach ón Éigipt amach.
10. “Má bhíonn iasacht d'aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil.
11. Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat.
12. Más bochtán é ná codail ina gheall.