1. “Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í;
2. d'imigh sí léi amach agus phós fear eile í.
3. Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)
4. ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.