Deotranaimí 23:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “An té a coilleadh, nó ar baineadh a bhall fearga de, níl cead isteach aige i dTionól an Tiarna.

2. Ná téadh bastard i dTionól an Tiarna; ná téadh duine dá shliocht go dtí an deichiú glúin i dTionól an Tiarna.

3. Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.

4. Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.

Deotranaimí 23