Deotranaimí 22:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ná bí á seachaint má fheiceann tú damh nó asal do dhearthár ag titim ar an mbóthar, ach cabhraigh leis á gcur ina seasamh arís.

5. Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin.

6. Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh;

7. ach scaoil leis an máthair. Ní miste duit na gearrcaigh a bhreith leat. Ar an gcaoi sin beidh an rath ort agus fad saoil agat.

8. Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.

9. Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir - ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt.

10. Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa.

11. Ná caith éadach leathach, éadach fite d'olann agus de líon.

Deotranaimí 22