3. agus abradh sé leo: ‘Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu.
4. Óir tá an Tiarna bhur nDia ag dul libh chun troda ar bhur son in aghaidh bhur naimhde, agus chun an bua a bhreith daoibh.’
5. “Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: ‘An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh.
6. An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.
7. An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.’