13. ‘Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.’“Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid.
14. Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.
15. Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir.
16. Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail,
17. dúirt an Tiarna liom:
18. ‘Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár,
19. agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.’
20. (Tugtar leis tír na Rafáím air; mhair na Rafáím ann tráth, ach tugann na hAmónaigh Zamzuimím orthu;
21. cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n‑áit,
22. faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n‑áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu.
23. Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n‑áit.)
24. ‘Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air!
25. Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.’
26. Chuir mé teachtairí dá bhrí sin ó fhásach Chadaemót go Síochon rí Heisbeon le teachtaireacht síochána á rá:
27. “Is áil liom dul trí d'fhearann. Ní dhéanfaidh mé ach gabháil feadh an bhealaigh, gan claonadh ar dheis ná ar chlé.
28. Cibé bia a íosfaidh mé, díol liom ar airgead, agus íocfaidh mé as cibé uisce a olfaidh mé. Ná déan ach a cheadú dom gabháil ar aghaidh de chois,
29. faoi mar a rinne clann Éasau liom a bhfuil cónaí orthu i Saeír, agus na Móábaigh a bhfuil cónaí orthu in Ár, go dté mé thar an Iordáin go dtí an tír atá á thabhairt dúinn ag an Tiarna ár nDia.’
30. “Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.