Deotranaimí 16:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. ach tugadh gach fear uaidh de réir a chumais faoi mar a chuireann an Tiarna do Dhia a bheannacht ort.

18. “Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.

19. Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

20. Bíodh an chóir go beacht mar sprioc agat i dtreo go mairfidh tú agus go mbeidh seilbh oidhreachta agat ar an talamh atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.

21. “Ná seas cuaille naofa d'aon sórt crainn láimh leis an altóir atá tú á thógáil don Tiarna;

22. agus ná cuir suas aon ghallán, rud is fuath leis an Tiarna do Dhia.

Deotranaimí 16