Deotranaimí 13:7-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. de na déithe leis na ciníocha máguaird ort ó chéin nó ó chóngar, ó cheann ceann na cruinne,

8. ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é,

9. ach cuirfidh tú chun báis é; do lámhsa is túisce atá le hardú ina aghaidh á chur chun báis, agus ina dhiaidh sin, lámh an phobail go léir.

10. Gabhfaidh tú de chlocha ann go dtí go n‑imeoidh an dé as, mar gurbh áil leis thú a mhealladh ón Tiarna do Dhia, a thug thú amach as tír na hÉigipte, as teach na daoirse.

11. Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc.

12. “Má chluineann tú go bhfuil, i gceann de na cathracha a thug an Tiarna do Dhia duit le cónaí iontu,

13. go bhfuil cladhairí áirithe de bhur gcuid féin, a ghabh amach agus a mheall lucht na cathrach á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol daoibh),

14. ansin déan fiosrú i dtaobh an scéil agus fiafraí agus diancheistiú. Má chinntítear agus má dheimhnítear gur tharla rud gráiniúil dá shórt in bhur measc,

15. ní foláir duit go cinnte an claíomh a imirt ar áitritheoirí na cathrach sin uile agus an chathair a scrios ó bhonn, agus idir áitritheoirí agus stoc go léir a mharú le faobhar claímh.

16. Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.

17. Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -

Deotranaimí 13