23. Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t‑anam, agus ná caith an t‑anam leis an bhfeoil.
24. Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce.
25. Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna.
26. Ach na nithe naofa is dual uait agus d'ofrálacha móide, beir leat iad, agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna.
27. Ofráil d'íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d'íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe.