Deotranaimí 12:20-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. “Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: ‘beidh greim feola agam,’ má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe.

21. Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d'aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte.

22. Ach ith é mar a dhéanfá gasail nó fia; ní cás do ghlan agus do neamhghlan é a ithe.

23. Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t‑anam, agus ná caith an t‑anam leis an bhfeoil.

24. Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce.

25. Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna.

26. Ach na nithe naofa is dual uait agus d'ofrálacha móide, beir leat iad, agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna.

27. Ofráil d'íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d'íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe.

28. Coimeád na treoracha seo go léir a thugaim duit le barr cúraim, agus lean iad, i dtreo go rithfeadh go maith i gcónaí leat féin, agus le do shliocht i do dhiaidh, agus tú ag déanamh an chirt agus na córa faoi shúile an Tiarna do Dhia.

29. “Nuair a dheanfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha mar a bhfuil tú ag dul á ndísealbhú a dhíothú romhat, agus nuair a bheidh siad díbeartha agat agus curtha fút agat ina dtailte ina n‑áit,

30. féach chuige nach bhfaightear faill ort: ná déan aithris orthu tar éis a millte romhat, agus ná bí ag fiafraí a ndéithe, á rá: ‘Cén chaoi a ndearna na ciníocha seo seirbhís dá ndéithe? - d'fhonn go ndéanfainn féin leis amhlaidh.’

31. Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe - dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe.

32. A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.

Deotranaimí 12