25. Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n‑aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh.
26. Seo beannacht agus mallacht á cur agam romhaibh inniu:
27. an bheannacht, má ghéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia a ordaímse daoibh inniu;
28. an mhallacht, mura ngéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d'aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana.
29. Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál.