24. Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.
25. Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n‑aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh.
26. Seo beannacht agus mallacht á cur agam romhaibh inniu:
27. an bheannacht, má ghéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia a ordaímse daoibh inniu;
28. an mhallacht, mura ngéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d'aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana.
29. Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál.
30. Nach bhfuil [na sléibhte] seo ar an taobh eile den Iordáin, ar an mbealach siar i dtreo dhul faoi na gréine, i dtír na gCanánach, a chónaíonn san Arabá, os comhair Ghilgeál, láimh le Dair Mhóire.
31. Tá sibh chun dul thar an Iordáin le dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh; gheobhaidh sibh seilbh air agus déanfaidh sibh cónaí ann,
32. agus na reachtanna agus na dlíthe go léir a chuirim romhaibh inniu a chomhlíonadh le barr cúraim.