2. Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall;
3. na comharthaí agus na hiontais a rinne sé san Éigipt féin in aghaidh Fhorainn agus a chríoch go léir;
4. a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n‑eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin;
5. gach a ndearna sé daoibh san fhásach sular shroich sibh an áit seo;
6. a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach - conas mar a d'oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh.
7. Ach is sibhse, le bhur súile cinn, a chonaic na héachtaí mora go léir a rinne an Tiarna.
8. “Ní foláir daoibh, dá bhrí sin, na haitheanta go léir a d'ordaigh mé daoibh inniu a choimeád, d'fhonn go mbeadh sé ar bhur gcumas dul isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír ar a bhfuil bhur dtriall anonn agus bhur gcuid féin a dhéanamh de,
9. agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda.
10. An fearann a bhfuil tú le dul isteach ann lena shealbhú, ní ionann é agus tír na hÉigipte óna dtáinig sibh, mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.
11. An tír a bhfuil bhur dtriall anonn ann, le seilbh a ghabháil air, is tír cnoc agus gleannta é, agus uisce ó neamh á uisciú.