1. “Bíodh grá agat dá bhrí sin don Tiarna do Dhia; coimeád a threoracha, a dhlíthe, a reachtanna agus a aitheanta i gcónaí.
2. Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall;
3. na comharthaí agus na hiontais a rinne sé san Éigipt féin in aghaidh Fhorainn agus a chríoch go léir;