Deotranaimí 1:16-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: ‘Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis.

17. Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”

18. Thug mé treoracha daoibh an uair úd do gach a mbeadh le déanamh agaibh.

19. “D'fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d'aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa.

20. Ansin is ea a dúirt mé libh: ‘Tá sibh tagtha chun arda na nAmórach a thug an Tiarna ár nDia dúinn.

21. Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d'aithin an Tiarna Dia bhur n‑aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.’

22. Ansin tháinig sibh go léir chugam á rá: ‘Seolaimis romhainn lucht braite na tíre; tabharfaidh siad scéala chugainn cén bealach ar a bhfuilimid le gabháil suas agus cad iad na cathracha ina dtriallfaimid.”

23. Comhairle mhaith dar liom í siúd agus roghnaíos dáréag daoibh, fear as gach treibh.

24. Thugadar-san aghaidh ar na hardáin; thángadar chomh fada le Gleann Eisciol agus rinneadar é a thaiscéaladh.

25. Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: ‘Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.’

26. Níorbh áil libh gabháil isteach ann mar sin féin agus rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia.

27. Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: ‘Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin!

28. Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ”

29. Agus dúirt mé libh: “Ná bíodh scéin ná eagla oraibh rompu.

30. Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl.

Deotranaimí 1