13. Chonaic mé i bhfíseanna oíche.Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,amhail Mac an Duine.Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,agus cuireadh os a chomhair é.
14. Dó siúd tugadh tiarnas,glóir is ardfhlaitheas,go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.Tiarnas síoraí a thiarnas,nach rachaidh ar ceal,ná ní scriosfar a ríocht.
15. “Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé.
16. Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus d'iarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. D'fhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom.
17. ‘Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo.
18. Ach is iad naoimh an Té is Airde a ghlacfaidh an ríocht agus a shealbhóidh í go deo agus go bruinne an bhrátha.’
19. Ansin b'áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa;