Dainéil (Gr) 7:11-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. “Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, d'fhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t‑ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine.

12. Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire.

13. Chonaic mé i bhfíseanna oíche.Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,amhail Mac an Duine.Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,agus cuireadh os a chomhair é.

14. Dó siúd tugadh tiarnas,glóir is ardfhlaitheas,go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.Tiarnas síoraí a thiarnas,nach rachaidh ar ceal,ná ní scriosfar a ríocht.

15. “Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé.

Dainéil (Gr) 7