Dainéil (Gr) 7:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa chead bhliain de réimeas Bhéilseazar, rí na Bablóine, rinneadh taibhreamh do Dhainéil agus físeanna ina cheann agus é ar a leaba. Scríobh sé síos an taibhreamh agus d'inis sé éirim an scéil.

2. Dúirt Dainéil: Chonaic mé físeanna istoíche. Féach! Bhí ceithre ghaoth neimhe ag coipeadh na bóchna móire.

3. Tháinig ceithre ainmhí mór aníos as an fharraige, gach ceann acu éagsúil lena chéile.

4. Bhí an chéad cheann mar leon agus sciatháin iolair air. Ansin, agus mé ag féachaint air, stolladh a sciatháin de, ardaíodh ó thalamh é agus chaith sé seasamh ar dhá chois amhail duine, agus tugadh croí duine dó.

5. Féach! Ainmhí eile, an dara ceann, agus é cosúil le béar, ardaithe ar a leathchliathán, agus trí easna ina bhéal idir a fhiacla. Dúradh leis: “Éirigh, alp siar a lán feola.”

6. Ina dhiaidh sin d'fhéach mé, agus b'sheo ceann eile mar liopard, agus ceithre sciathán éin ar a dhroim; bhí ceithre cheann ar an ainmhí agus tugadh tiarnas dó.

7. Ina dhiaidh seo rinneadh físeanna oíche dom, agus féach, an ceathrú hainmhí, uafar, scéiniúil, agus róthréan; bhí aige fiacla móra iarainn, agus shlog agus stoll sé, agus phasáil sé an fuílleach faoina chosa. Bhí sé éagsúil leis na hainmhithe eile go léir a bhí roimhe. Bhí deich n‑adharc air.

Dainéil (Gr) 7