1. Sa chead bhliain de réimeas Bhéilseazar, rí na Bablóine, rinneadh taibhreamh do Dhainéil agus físeanna ina cheann agus é ar a leaba. Scríobh sé síos an taibhreamh agus d'inis sé éirim an scéil.
2. Dúirt Dainéil: Chonaic mé físeanna istoíche. Féach! Bhí ceithre ghaoth neimhe ag coipeadh na bóchna móire.
3. Tháinig ceithre ainmhí mór aníos as an fharraige, gach ceann acu éagsúil lena chéile.
4. Bhí an chéad cheann mar leon agus sciatháin iolair air. Ansin, agus mé ag féachaint air, stolladh a sciatháin de, ardaíodh ó thalamh é agus chaith sé seasamh ar dhá chois amhail duine, agus tugadh croí duine dó.
5. Féach! Ainmhí eile, an dara ceann, agus é cosúil le béar, ardaithe ar a leathchliathán, agus trí easna ina bhéal idir a fhiacla. Dúradh leis: “Éirigh, alp siar a lán feola.”