Dainéil (Gr) 6:20-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Ansin le breacadh an lae d'éirigh an rí agus bhrostaigh leis go huaimh na leon.

21. Láimh leis an uaimh ghlaoigh sé go truacánta ar Dhainéil á rá: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé bheo, an Dia seo dá bhfónann tú go dílis, arbh fhéidir leis tú a fhuascailt ó na leoin?”

22. D'fhreagair Dainéil an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!

23. Tá a aingeal curtha ag Dia chugam; tá clab na leon dúnta aige, agus níl aon dochar déanta acu dom mar go bhfuarthas gan chion mé ina láthair. Agus táim gan choir leis i do láthairse, a rí.”

24. Tháinig lúcháir mhór ar an rí agus d'ordaigh sé Dainéil a thógáil as an uaimh. Tógadh Dainéil uime sin aníos as an uaimh agus fuarthas é slán folláin mar go raibh a mhuinín aige as a Dhia.

25. Ar ordú an rí, tugadh an mhuintir sin a rinne casaoid in aghaidh Dhainéil i láthair agus teilgeadh iad in uaimh na leon, iad féin, a mná agus a gclann; agus sula raibh íochtar na huaimhe sroichte acu bhí siad treascartha ag na leoin agus a gcnámha go léir smiota acu.

26. Agus scríobh an rí, Dáire, chuig an uile phobal, chine agus theanga a áitríonn san uile aird den chruinne: “Síocháin daoibh ina tuile!

27. Seo é an reacht atá agam á achtú: i m'impireacht agus i mo fhlaitheas rí go hiomlán go raibh an uile dhuine ar crith le heagla roimh Dhia Dhainéil,mar is é is Dia beo a mhaireann go deo;ní bheidh díthiú ar a fhlaitheasná críoch ar a thiarnas.

28. Eisean a fhuasclaíonn agus a fhóireann,a dhéanann comharthaí agus míorúiltíar neamh agus ar talamh;shaor sé Dainéil ó chumhacht na leon.”

Dainéil (Gr) 6