17. Ansin d'ordaigh an rí Dainéil a thabhairt i láthair agus é a chaitheamh san uaimh chun na leon. Dúirt an rí le Dainéil: “Do Dhia, a bhfuil seirbhís dhílis tugtha agat dó, fuasclaíodh sé thú.”
18. Tugadh cloch agus leagadh ar bhéal na huaimhe í agus chuir an rí a shéala féin agus séala a mhaithe uirthi ionas nach rachadh athrú ar aon ní a bhain le cúis Dhainéil.
19. D'fhill an rí ar a phálás ansin agus chaith an oíche ina throscadh, gan [luí le leannán]. Thréig a chodladh é.
20. Ansin le breacadh an lae d'éirigh an rí agus bhrostaigh leis go huaimh na leon.
21. Láimh leis an uaimh ghlaoigh sé go truacánta ar Dhainéil á rá: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé bheo, an Dia seo dá bhfónann tú go dílis, arbh fhéidir leis tú a fhuascailt ó na leoin?”
22. D'fhreagair Dainéil an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!
23. Tá a aingeal curtha ag Dia chugam; tá clab na leon dúnta aige, agus níl aon dochar déanta acu dom mar go bhfuarthas gan chion mé ina láthair. Agus táim gan choir leis i do láthairse, a rí.”
24. Tháinig lúcháir mhór ar an rí agus d'ordaigh sé Dainéil a thógáil as an uaimh. Tógadh Dainéil uime sin aníos as an uaimh agus fuarthas é slán folláin mar go raibh a mhuinín aige as a Dhia.
25. Ar ordú an rí, tugadh an mhuintir sin a rinne casaoid in aghaidh Dhainéil i láthair agus teilgeadh iad in uaimh na leon, iad féin, a mná agus a gclann; agus sula raibh íochtar na huaimhe sroichte acu bhí siad treascartha ag na leoin agus a gcnámha go léir smiota acu.
26. Agus scríobh an rí, Dáire, chuig an uile phobal, chine agus theanga a áitríonn san uile aird den chruinne: “Síocháin daoibh ina tuile!